Réaltán Ní Leannáin
'Traidisiúin na Samhna' / Halloween traditions
Beidh Réaltán ag caint faoi chúrsaí béaloidis, na tíortha Ceilteacha, Féilte Traidisiúnta na Bliana agus ag díriú isteach ach go hairithe ar thraidisiúin na Samhna toisc an t-am den bhliain. Is scríbhneoir aitheanta í Réaltán, a bhfuil idir prós, filíocht agus drámaí raidió faoina coim. Tá ceithre leabhar dá cuid féin i gcló agus is eagarthóir í den díolaim 'Bláth na dTulach', a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabhain in Oireachtas na Gaeilge, 2022. Cuireann sí an podchraoladh https://blath-na-dtulach.com/ i láthair.
Réaltán will give an engaging talk 'as Gaeilge' on the folklore of the Celtic countries, traditional yearly festivals, especially the historic customs and traditions of Samhain/Halloween.Réaltán is a distinguished writer of prose, short stories and radio dramas. Her short story 'Maeirí' is on the Leaving Cert course. A collection of her short stories, entitled 'Trom agus Éadrom', will be published this year by 'Éabhlóid'. One to watch out for!